Teilifís

Meán teileachumarsáide le híomhánna gluaiste a tharchur agus a fháil

Is é an rud atá i gceist leis an teilifís ná córas teileachumarsáide le pictiúir ghluaiste a chraoladh, ionas gur féidir iad a ghlacadh i bhfad ar shiúl ó áit a gcraolta leis an ngléas ar a dtugtar teilifíseán.

  • Tagraíonn an focal teilifís do na cláir, don chraoltóireacht agus don tarchuradóireacht, mar ghníomhaíocht.
  • Teilí a thugtar ar an dá rud sa ghnáthchaint Gaeilge go minic: chonaic mé ar an teilí é. Focal é sin atá bunaithe ar ghnáthchaint an Bhéarla.
  • Is féidir an bosca, nó an bosca draíochta, a thabhairt ar an teilifíseán agus, go meatonaimeach, ar an gcraolachán teilifíse freisin.
📺Teilifís

Cuir in eagar ar Wikidata
Sampla deearnáil eacnamaíochta, infreastruchtúr agus type of mass media (en) Aistrigh
Croineolaíocht
Arna fhionnachtain agSoham Patel agus Charles Francis Jenkins
Tréithe
Le cuidstáisiún teilifíse
bealach teilifíse
gréasán teilifíse
teilifíseán
television watcher (en) Aistrigh
people-meter (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
RTÉ, Monadh Rois, Domhnach Broc
RTÉ Domhnach Broc

Comhpháirteannacuir in eagar

Is iad na comhpháirteanna atá ag teastáil le craolachán teilifíse a dhéanamh ná:

  • Foinse na híomhá. Is éard atá ann ná comhartha leictreach a sheasann don íomhá. Más íomhánna beo atá á gcraoladh, tá an comhartha seo á sholáthar ag an gceamara a iompaíonn an t-imprisiún físe (is é sin, na himeachtaí infheicthe) ina bhíoganna leictreacha. Is féidir, áfach, gur íomhánna taifeadta atá againn ansin, agus an comhartha á sholáthar ag an taifeadán fístéipe. Is féidir freisin scannán den tseanchineál a léamh le scanóir ar leith.
  • Foinse na fuaime. Ar bhealach cosúil le foinse na híomhá, is éard atá i gceist leis seo ná comhartha leictreach a sheasann don fhuaim. Más fuaim bheo atá ann, tagann na bíoganna leictreacha ón micreafón a iompaíonn an fhuaim - guth an duine, abair, nó an ceol, nó eile - ina leictreachas. Ar ndóighe, úsáidtear fuaim thaifeadta chomh maith.
    craoladh seachtrach, 1970idí
  • An tarchuradóir. Iompaíonn an gléas seo an comhartha físe agus an comhartha fuaime ina dtonnta raidió, is é sin, ina radaíocht leictreamhaighnéadach. Tá bannaí minicíochta na radathonnta níos airde ar scála an tonnfhaid, agus dá réir sin, níos ísle ar scála na minicíochta, ná an radaíocht infridhearg.
  • An aeróg leis na radathonnta a tharchur.
  • An aeróg leis na radathonnta a ghlacadh.
  • An glacadóir sa chiall chúng, is é sin, an tiúnóir, a aithníonn na comharthaí radathonnta agus a iompaíonn ar ais ina mbíoganna leictreacha iad.
  • stiúideo teilifíse 1, RTÉ, Monadh Rois
    stiúideo Big Bite, RTÉ
    An gléas taispeána. Go traidisiúnta, bhí feadán ga-chatóideach á úsáid leis na craolacháin teilifíse a thaispeáint. San fheadán ga-chatóideach, tá leictreoid dhiúltach - catóid - suite i gcúl an fheadáin, agus í ag tabhairt leictreon uaithi. Tá cornaí leictreacha timpeall an fheadáin agus anóid taobh istigh de, agus iad ag stiúradh shruth na leictreon de réir an chomhartha físe a fhaightear ón aeróg. San áit ina mbuaileann sruth na leictreon an scáileán fluaraiseach, feictear ponc solais ag lasadh suas, agus nuair a athraíonn an comhartha físe treo na leictreon, tarraingíonn an ponc solais seo íomhá i ndiaidh íomhá ar an scáileán fluaraiseach chomh sciobtha is nach féidir le súil an duine na pictiúir seo a aithint thar a chéile. Mar sin, téann siad i bhfeidhm ar an bhféachadóir díreach mar a bheadh gluaiseacht leanúnach ann.
stiúideo Nuacht RTÉ 2009

Teicneolaíochtcuir in eagar

Ní hé an feadán ga-chatóideach an t-aon teicneolaíocht is féidir a úsáid le híomhánna teilifíse a thaispeáint a thuilleadh. Is féidir úsáid a bhaint as cúlteilgeoirí teilifíse (RPTV) freisin, agus inniu, tá na teilifíseáin phlánacha, cosúil leis na teilifíseáin phlasma agus na teilifíseáin leachtchriostail, ag dul i bhfairsinge. Is féidir úsáid a bhaint as gléas taispeántais atá bunaithe ar na dé-óideanna astaithe solais (na LEDanna) freisin, le haghaidh taispeántas mórphictiúir amuigh faoin spéir.

  • An gléas fuaime, is é sin, an t-aimplitheoir fuaime agus an callaire, leis an gcomhartha fuaime a iompú ina fhuaim inchloiste.

Staircuir in eagar

Ar an 10 Bealtaine 1928, cuireadh tús leis an chéad chraoladh rialta teilifíse i dtuaisceart Stát Nua-Eabhrac i Schenectady (W2XB)[1]. Stáisiún teilifíse de chuid General Electric a bhí ann.

Éirecuir in eagar

In Éirinn, is é RTÉ an príomhchraoltóir náisiúnta, agus é faoi smacht an rialtais. Gearrtar suim airgid de na féachadóirí mar thaille ceadúnais leis an gcraolachán a mhaoiniú.

Féach freisincuir in eagar

  1. https://www.duhocchina.com/baike/en/WRGB
🔥 Top keywords: PríomhleathanachCarles PuigdemontSpeisialta:RecentChangesSpeisialta:SearchAn IndinéisSouth Park: Bigger, Longer & UncutStáit Aontaithe MheiriceáVicipéid:CabhairModule:ArgumentsAn tAontas SóivéadachVicipéid:Cúrsaí reathaVicipéid:Lárionad comhphobailBreacánVicipéid:Séanadh ginearáltaVicipéid:RéamhráRihannaTuatha dé DanannMediaWikiVicipéid:Halla baileFrogIúpatar (pláinéad)Bratach na hÉireannAn Hobad, nó Anonn agus Ar Ais ArísTuaisceart ÉireannFanaileClann Choláiste MhuireDara Cogadh DomhandaAn VicipéidParaguaJuan Antonio VillacañasLitríocht na SeapáineWikimedia FoundationCatagóir:Ailt le téacs sa FhraincisArd-Deoise Chaitliceach New OrleansEarrach na nArabachMichelle ObamaVicipéid:Beartais agus treoirlínte1555Jerry SeinfeldAn ÉigiptStílbhileoga cascáideachaNa Meáin ShóisialtaGmailVicífhoclóirMet ÉireannSamhail Tagartha OSIAn Impireacht Naofa RómhánachÉireAn tSeicSpeisialta:MyTalkAn GhaeilgeCharles LeclercRobin WilliamsDiúcacht na BriotáineAn Institiúid Chultúrtha Ghael-MheiriceánachColún reathaÉire (Poblacht na hÉireann)Aiko, An Banphrionsa ToshiSpeisialta:MyContributionsCómhaoin WikiCharles MansonGaeilgeVicipéid:CóipcheartaBolcánachtValladolidAois na FaisnéiseIodálachAn OranócóNapoléon BonaparteVicíTwitterAn AstráilAn BéarlaAn CóránCatagóir:Clubanna sacair na FrainceToghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 202427 MártaEilís II na Ríochta AontaithePornhubComhriachtainLeabharuimhir Chaighdeánach IdirnáisiúntaCaitríona II na Rúise1981VíreasCatagóir:Stáit Aontaithe MheiriceáMeileatoininAn LibiaNua-Eabhrac (cathair)Plé:PríomhleathanachLeo VaradkarNicearaguaDomhanNetflixIosraelCatagóir:An tIoslamRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannLionel MessiMyPods and BoomsticksVicipéid:Suntasacht