Sacar

Spórt foirne

Cluiche peile nach bhfuil cead ach ag an gcúl báire an pheil féin a láimhseáil ann is ea sacar (soccer nó Association Football i mBéarla).[1] Tá aon imreoir déag ar aon fhoireann amháin, agus duine acu, an cúl báire, ina sheasamh sa chúl. Is é an cúl báire an t-aon imreoir amháin a bhfuil cead aige lámh a chur ar an liathróid. Baineann an fhoireann a bhfuil an scór is airde aici.

Infotaula d'esportSacar
Cineálsport industry (en) Aistrigh
Tír dhúchaisRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Líon íosta imreoirí7
Líon uasta imreoirí22

Creidtear gurb é an sacar an spórt is coitianta ar fud an domhain. Deir Comhaontas Idirnáisiúnta an tSacair (FIFA) go bhfuil dhá chéad milliún duine ag imirt sacair.

Staircuir in eagar

Is seanspórt é an sacar (nó an pheil sa chiall is fairsinge), ach ba iad na Sasanaigh a chuir tús leis an gcluiche nua-aimseartha. Bhí cineálacha éagsúla peile á n-imirt ar fud na tíre, ach theastaigh ó na himreoirí comhrialacha a leagan amach a cheadódh dóibh cluichí a chóiriú eatarthu.

Bailíodh le chéile na rialacha éagsúla a bhí le fáil sna scoileanna sa tír, agus cruthaíodh comhrialacha nua. Tháinig ionadaithe ó na scoileanna poiblí úd Eton, Harrow, Rugby, agus Winchester le chéile i gColáiste na Tríonóide, Cambridge sa bhliain 1848 leis na rialacha a shocrú, ach ní dheachaigh siad in úsáid mórán taobh amuigh de na scoileanna seo.

Sna 1850idí, tháinig a lán clubanna agus cumann ar an bhfód ar fud thíortha an Bhéarla le peil de chineál éigin a imirt, ach níor ghlac mórán acu le rialacha Cambridge. Bhí cumainn thábhachtacha ann a raibh rialacha dá gcuid féin acu, go háirithe club peile Sheffield. Bhunaigh daltaí na scoile poiblí sa bhliain 1857 é, ach ba síol é do chumann sacair Sheffield agus Hallamshire a bunaíodh deich mbliana ina dhiaidh sin. Chloígh an cumann seo le rialacha Sheffield go dtí an bhliain 1878.

Sa bhliain 1862, d'eisigh John Charles Thring ó Scoil Uppingham a rialacha féin, agus chloígh a lán clubanna leis na rialacha seo, freisin.

1863ː Freemasons’ Tavern i Londain

Bunaíodh Cumann Sacair Shasana (an Football Association) ar 26 Deireadh Fómhair 1863 sa Freemasons’ Tavern i Londain,[2] agus é ag stiúradh an cluiche fós i Sasana. Ní gan dua a tháinig na rialacha nua (faoi stiúir Ebenezer Cobb Morley) agus an eagraíocht i bhfeidhm. Imríodh an chéad chluiche Barnes v Richmond ar 19 Nollaig 1863.[3]

Ar an 16 Márta 1872 d'imir Wanderers agus Royal Engineers i gcoinne a chéile sa chéad chluiche ceannais do Chorn an FA.

Imreoirí gairimiúla inniu

Bunaíodh FIFA i bPáras ar an 21 Bealtaine 1904, agus b'é an Francach Robert Guérin an chéad Uachtarán. Nuair a bunaíodh FIFA, d'aontaigh siad na rialacha Sasanach a úsáid as seo amach.

Reáchtáladh an chéad Corn Sacair an Domhain sa bhliain 1930 in Uragua. Is é seo an comórtas is mó ar dhomhan.

FIFAcuir in eagar

Is é FIFA (Fédération Internationale de Football Association) comhaltas cheannas an sacair. Is é Corn Sacair an Domhain an comórtas is tábhachtach ná agus imrítear é gach ceithre bliana.

UEFAcuir in eagar

Reachtálann Cumann Peile na hAontas Eorpa (nó UEFA) comórtas bliantúil do na clubanna is rathúla san Eoraip agus lucht féachana domhanda thart ar aon bhilliún duine. Bunaíodh an comórtas sa séasúr 1955/56 mar chomórtas do bhuaiteoirí Sraitheanna Peile na hEorpa faoin teideal Corn na hEorpa. Sa bhliain 1992/93, athainmníodh an comórtas go Sraith Peile na hEorpa agus glacann na foirne is fearr san Eoraip páirt ann gach bliain.

Sa pheil, is é bunchuspóir an lucht leanúna a bhfoireann a spreagadh le linn an chluiche.

Naisc sheachtrachacuir in eagar

Féach freisincuir in eagar

Tagairtícuir in eagar

  1. "An Foclóir Beag: sacar" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2022-10-26.
  2. "26 October 1863: the Football Association is founded" (en). MoneyWeek. Dáta rochtana: 2022-10-26.
  3. "The formation of the Football Association" (en-US). FutureLearn. Dáta rochtana: 2022-10-26.
🔥 Top keywords: PríomhleathanachCarles PuigdemontSpeisialta:RecentChangesSpeisialta:SearchAn IndinéisSouth Park: Bigger, Longer & UncutStáit Aontaithe MheiriceáVicipéid:CabhairModule:ArgumentsAn tAontas SóivéadachVicipéid:Cúrsaí reathaVicipéid:Lárionad comhphobailBreacánVicipéid:Séanadh ginearáltaVicipéid:RéamhráRihannaTuatha dé DanannMediaWikiVicipéid:Halla baileFrogIúpatar (pláinéad)Bratach na hÉireannAn Hobad, nó Anonn agus Ar Ais ArísTuaisceart ÉireannFanaileClann Choláiste MhuireDara Cogadh DomhandaAn VicipéidParaguaJuan Antonio VillacañasLitríocht na SeapáineWikimedia FoundationCatagóir:Ailt le téacs sa FhraincisArd-Deoise Chaitliceach New OrleansEarrach na nArabachMichelle ObamaVicipéid:Beartais agus treoirlínte1555Jerry SeinfeldAn ÉigiptStílbhileoga cascáideachaNa Meáin ShóisialtaGmailVicífhoclóirMet ÉireannSamhail Tagartha OSIAn Impireacht Naofa RómhánachÉireAn tSeicSpeisialta:MyTalkAn GhaeilgeCharles LeclercRobin WilliamsDiúcacht na BriotáineAn Institiúid Chultúrtha Ghael-MheiriceánachColún reathaÉire (Poblacht na hÉireann)Aiko, An Banphrionsa ToshiSpeisialta:MyContributionsCómhaoin WikiCharles MansonGaeilgeVicipéid:CóipcheartaBolcánachtValladolidAois na FaisnéiseIodálachAn OranócóNapoléon BonaparteVicíTwitterAn AstráilAn BéarlaAn CóránCatagóir:Clubanna sacair na FrainceToghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 202427 MártaEilís II na Ríochta AontaithePornhubComhriachtainLeabharuimhir Chaighdeánach IdirnáisiúntaCaitríona II na Rúise1981VíreasCatagóir:Stáit Aontaithe MheiriceáMeileatoininAn LibiaNua-Eabhrac (cathair)Plé:PríomhleathanachLeo VaradkarNicearaguaDomhanNetflixIosraelCatagóir:An tIoslamRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannLionel MessiMyPods and BoomsticksVicipéid:Suntasacht