Iarann

Is dúil cheimiceach é an t-iarann. Is é an miotal is tábhachtaí atá ann ó thaobh na gnáthúsáide de. Is í an uimhir adamhach atá aige ná 26, agus is é an tsiombail cheimiceach ná Fe. Tá sé ar an mbeagán dúl a bhfuil fearómaighnéadas iontu - is é sin, tarraingíonn na maighnéid iarann, agus is féidir smután iarainn a iompú ina mhaighnéad.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachIarann

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus miotal
Iarann sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachFe
Uimhir adamhach26
Mais adamhach55.845
Cumraíocht leictreon[Ar] 3d⁶ 4s²
Peiriad, Grúpapeiread 4
dúil ghrúpa 8
Airíonna fisiceacha
Dlús7.874 kg/m⁻³
Leáphointe1,811 agus 1,538
Fiuchphointe2,861
Leictridhiúltacht1.83
Ga ianach0.63, 0.61, 0.92, 0.49, 0.55 agus 0.78
Stair
Aimsitheoirluach anaithnid
Fionnachtain5 mílaois "RCh"

Tá an t-iarann an-fhlúirseach i screamh an Domhain - glactar leis go bhfuil sé ar an gceathrú dúil is flúirsí ansin. Níl sé gann san Ollchruinne ar fad ach oiread, nó tá sé ar ceann de na dúile is troime a chruthaítear sna gnáthréaltaí - dúile is troime ná é, tá ollnóva de dhíth le hiad a chruthú.

Tá trí iseatóp cobhsaí ag an iarann, mar atá, Fe-56 (91.72 % d'iarann an dúlra), Fe-57 (2.2 % d'iarann an dúlra), agus Fe-58 (0.28 % d'iarann an dúlra). Thairis sin, tá aon iseatóp radaighníomhach amháin ar fáil sa dúlra, Fe-54 (5.8 % d'iarann an dúlra), agus is í an leathré atá aige ná 3.1 x 1022 bliain (31,000,000,000,000,000,000,000 bliain).

Ní féidir teacht ar an iarann i bhfoirm na dúile, áfach. Ní mór é a bhaint as an iarnmhianach agus a dhí-ocsaídiú. Cé go bhfuil an t-iarann an-úsáideach mar mhiotal, tagann meirg air go héasca. Is éard atá ann, mar mheirg, ná trí-ocsaíd iarainn, nó Fe2O3. Leis an iarann a dhéanamh díonta ar an meirg, measctar miotail eile tríd. Thar aon rud eile, áfach, is leis an gcarbón a chóimhiotalaítear an t-iarann, ionas go bhfaightear cruach. I bhfoirm cruach is mó a úsáidtear an t-iarann.

Tagann dealramh dearg/donn an uisce ón iarann sna clochanna

Ceimic an Iarainncuir in eagar

Is iad na huimreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí agus is coitianta ná +II agus +III. Is iad comhdhúile an iarainn (III) a aithnítear ar dhath deargrua na meirge. Bíonn dath uaine i gcomhdhúile an iarainn (II). Is ionann an mheirg agus an dé-ocsaíd trí-iarainn, nó ocsaíd an iarainn (III), Fe2O3. Tá dhá ocsaíd eile ag an iarann, an ocsaíd mheasctha Fe3O4, ina bhfuil idir iarann (II) agus iarann (III), agus í i bhfad níos cobhsaí ná ocsaíd ghlan an iarainn (II), FeO. Bíonn sé deacair FeO a tháirgeadh, agus is dual don ocsaíd seo claochlú go hiarann agus Fe3O4. Tugtar díréiriúchán (Béarla: disproportionation) ar an gcineál seo próiseas, nó ocsaídítear cuid d'adaimh an iarainn (ó Fe2+ go Fe3+) agus dí-ocsaídítear cuid eile (ó Fe2+ go Fe).

Tagairtícuir in eagar

🔥 Top keywords: PríomhleathanachCarles PuigdemontSpeisialta:RecentChangesSpeisialta:SearchAn IndinéisSouth Park: Bigger, Longer & UncutStáit Aontaithe MheiriceáVicipéid:CabhairModule:ArgumentsAn tAontas SóivéadachVicipéid:Cúrsaí reathaVicipéid:Lárionad comhphobailBreacánVicipéid:Séanadh ginearáltaVicipéid:RéamhráRihannaTuatha dé DanannMediaWikiVicipéid:Halla baileFrogIúpatar (pláinéad)Bratach na hÉireannAn Hobad, nó Anonn agus Ar Ais ArísTuaisceart ÉireannFanaileClann Choláiste MhuireDara Cogadh DomhandaAn VicipéidParaguaJuan Antonio VillacañasLitríocht na SeapáineWikimedia FoundationCatagóir:Ailt le téacs sa FhraincisArd-Deoise Chaitliceach New OrleansEarrach na nArabachMichelle ObamaVicipéid:Beartais agus treoirlínte1555Jerry SeinfeldAn ÉigiptStílbhileoga cascáideachaNa Meáin ShóisialtaGmailVicífhoclóirMet ÉireannSamhail Tagartha OSIAn Impireacht Naofa RómhánachÉireAn tSeicSpeisialta:MyTalkAn GhaeilgeCharles LeclercRobin WilliamsDiúcacht na BriotáineAn Institiúid Chultúrtha Ghael-MheiriceánachColún reathaÉire (Poblacht na hÉireann)Aiko, An Banphrionsa ToshiSpeisialta:MyContributionsCómhaoin WikiCharles MansonGaeilgeVicipéid:CóipcheartaBolcánachtValladolidAois na FaisnéiseIodálachAn OranócóNapoléon BonaparteVicíTwitterAn AstráilAn BéarlaAn CóránCatagóir:Clubanna sacair na FrainceToghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 202427 MártaEilís II na Ríochta AontaithePornhubComhriachtainLeabharuimhir Chaighdeánach IdirnáisiúntaCaitríona II na Rúise1981VíreasCatagóir:Stáit Aontaithe MheiriceáMeileatoininAn LibiaNua-Eabhrac (cathair)Plé:PríomhleathanachLeo VaradkarNicearaguaDomhanNetflixIosraelCatagóir:An tIoslamRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannLionel MessiMyPods and BoomsticksVicipéid:Suntasacht